Walking the Edge- Ag Siúl ar an Imeall
Ag Siúl ar an Imeall
Tá Oileán Thoraí (ciallaíonn Toraigh áit a bhfuil beanna arda crochta) suite 14m amach ó chósta Iarthuaisceart na hÉireann agus is seoid dhrámatúil mhiotasach é i stair agus in oidhreacht na hÉireann. Labhraíonn an dream atá ina gcónaí i dToraigh Gaeilge, agus is de phór fada bríomhar iad a théann siar go dtí an seanam.
Ag Siúl ar an Imeall – Tumadh in Oileán Fiáin – is turas siúil é agus deis nach dtarlaíonn go minic le dearcadh duine ar an taobh istigh a fháil ar an áit ar leith seo ar fhíorimeall na hEorpa. Ta scéalta faoin fharraige, coimhlintí finscéalaíochta agus maireachtáil fite fuaite sa chósta dhrámatúil agus sa bheatha mhara a mhaireann go síochánta ann.
Is é Aodh, cainteoir dúchais Gaeilge a threoraíonn an turas, agus is féidir é a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Tá plé ann le duine de mhuintir an oileáin, agus turas siúil a nochtann fiadhúlra, stair, miotaseolaíocht agus dreach dúchasach na hÉireann.
Is féidir an turas a ghlacadh mar thuras lae nó mar thuras lae agus stopadh thar oíche. Sa turas lae beidh siúil 2-3 uair an chloig ar an oileán, agus deis snámh san fharraige sula n-imíonn tú chun an bhaile. Sa turas agus fanacht thar oíche beidh dhá shiúlóid, siúlóid níos faide tráthnóna ar theacht isteach san oileán duit agus siúlóid níos giorra ar maidin lá arna mhárach, agus snámh san fharraige más mian leat.
Tá an lóistín oíche in Óstán Thoraí agus tá béile tráthnóna agus bricfeasta san áireamh i bpraghas an turais le stopadh thar oíche bunaithe ar sheomra dúbailte nó seomra dhá leaba. Tá uasghrádú go seomra leaba amháin ann ach tú é a iarraidh.
NÍL an costas ar an bhád farantóireachta (10-25 Euro ag brath ar d’aois) san áireamh agus is féidir sin a chur in áirithe san áit nó ar líne ag www.toryferry.com sula dtig tú. Is féidir ticéad teaghlaigh nó ticéad grúpa a fháil. Bíodh a fhios agat gur ó Ché Mhachaire Rabhartaigh a imíonn an bád díreach in am agus tú féin atá freagrach as taisteal go dtí an port farantóireachta agus uaidh le bheith ansin roimh an am.
Tá lóin phacáilte shaincheaptha ar fáil ar an turas seo ach tú sin a iarraidh agus is féidir a bpraghas a lua leo féin.
From: €1.00
Lorcan McBride
I live under Uisce Chaoin Mountain on the border of Derry and Donegal, beside the mighty Foyle river and the fecund Lis na Grá woodland. My immediate clanns are McBride, McCudden, Anderson and Price. I have 4 children and work in outdoor education.
Shane O'Connor
Shane O'Connor is my name, and my other clanns are Moorhouse, Murphy and Bryan from the Eastern coastal waters, woods and hills of Leinster, Ireland. I have two daughters, Kíra and Lúa and although originally from Baile átha Cliath/Dublin, I live (not just survive!) with my family in Madrid. I work with people to create beneficial change by reconnecting with indigenous wisdom, practices and knowledge.

