Cad chuige an dúchas a éileamh ar oileán na hÉireann?
Tugtar cuireadh ó chroí duit a bheith páirteach in Éirinn Dhúchasach ar an aistear tábhachtach seo, Dúchasach, nó an dúchas a bhaint amach ar an talamh álainn seo, trí bheith i do bhall, trí pháirt a ghlacadh i dTurais, nó trí pháirt ag glacadh inár dTionól Daingean, i mí na Bealtaine 2023.
Cé go bhfuil sé coitianta glacadh leis go bhfuil neart speiceas plandaí agus ainmhithe dúchasacha ann, nó tugtha chun cineáil sa bhithsféar ar oileán na hÉireann, an dtig linn a aithint gur dúchasaigh iad fosta muintir an oileáin a chónaíonn anseo glúin i ndiaidh glúine ?
Go bunúsach, iad siúd a fhásann aníos, a chónaíonn, a mhaireann, a ghineann agus a éagann laistigh den bhithsféar seo, tá siad fite fuaite ann. Tá cultúr sainiúil shinsir na tíre seo, á chur ar aghaidh i dteanga thraidisiúnta, i gceol, i scéalta, i gceardaíocht agus eile leis na céadta bliain anuas.
Le dúchas a bhaint amach, mar dhóigh le bheith rannpháirteach sa domhan nó le bheith fite fuaite ann, tugtar gealltanas go ndéanfar ceangal leis an Mháthair-Chruinne, lena farraigí agus a huiscebhealaí, agus í a chaomhnú agus a chosaint, mar neach beo casta, mothaitheach a chuireann bunriachtanais na beatha ar fail dúinn.
Taobh thiar den ghealltanas seo nó den chóras creidimh seo is léir gurb ann do ghnéithe an chultúir a cheanglaíonn daoine ar an oileán seo: tá an Ghaeilge, an teanga nó an teanga dhúchais, lán d’uigeachtaí, d’fhocail agus de nathanna cainte a spreagann agus bhaineann le smaointeoireacht éiceachórais.
Le dúchas a éileamh ar an oileán seo mar shinsir na todhchaí, is é ata i gceist ná maireachtáil de réir luachanna dúchasacha, agus iad a eiseamláiriú do na glúnta atá le teacht, agus seasamh le pobail dhúchasacha ar fud an domhain ar mhaithe le gnáthóga sláintiúla a chosaint, a ghrá agus a chothú.